Leagann an chuid seo amach an reachtaíocht náisiúnta agus beartas AE a bhaineann leis an earnáil uisce in Éirinn.

Reachtaíocht Náisiúnta Uisce

Tá ról agus cumhachtaí an CRF maidir le hUisce Éireann a rialáil leagtha amach sa reachtaíocht seo a leanas:

An tAcht um Sheirbhísí Uisce 2013

Bunaíonn an tAcht seo Uisce Éireann agus dá bharr bhí an CRF  ábalta tosú ag ullmhú dá ról mar rialtóir eacnamaíoch Uisce Éireann ag an am sin. Deir sé gurb é príomhfheidhm de chuid an CRF leasanna chustaiméirí Uisce Éireann a chosaint.

Soláthraítear leis an Acht feidhm don CRF chun comhairle a thabhairt don Aire maidir le beartas a fhorbairt maidir le soláthar seirbhísí uisce a rialáil agus dul i gcomhairle le heintitis a mheasann sé a bheith cuí maidir le hUisce Éireann a rialú.

An tAcht um Sheirbhísí Uisce (Uimh. 2) 2013

Leagann an tAcht seo amach dualgais agus feidhmeanna níos sainiúla an CRF, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann leis an bPlean Muirear Uisce, Cóid Chleachtais Uisce Éireann, Plean Straitéiseach Uisce Éireann, agus an tréimhse ama a bhfuil feidhm ag Plean Infheistíochta Uisce Éireann maidir léi. Ceanglaítear leis ar an CRF a chuid feidhmeanna a chomhlíonadh ar bhealach is fearr a fhreastalaíonn ar leas chustaiméirí Uisce Éireann.

An tAcht um Sheirbhísí Uisce 2014

Tugtar treoir leis an Acht seo don CRF an Fóram Uisce Phoiblí a bhunú chun ionadaíocht a dhéanamh ar son leasanna chustaiméirí Uisce Éireann. Soláthraíonn sé an chumhacht don CRF seirbhís réitigh díospóide a sholáthar do chustaiméirí Uisce Éireann le haghaidh gearáin gan réiteach. Tugann sé an chumhacht d’Uisce Éireann tosú ag gearradh muirear ar chustaiméirí ón 1 Eanáir 2015.

An tAcht um Sheirbhísí Uisce (Leasú), 2016

Le reachtaíocht 2016 cuireadh muirir uisce ar fionraí ón 1 Iúil 2016 go dtí an 31 Márta 2017. Chuir dhá Ionstraim Reachtúla ina dhiaidh sin in 2017 (IR 118 agus IR 330) síneadh ar tháillí uisce go dtí an 31 Nollaig 2017.

An tAcht um Sheirbhísí Uisce 2017

Ceanglaíodh leis an Acht seo ar an CRF athbhreithniú a dhéanamh chun an meánéileamh ar sheirbhísí uisce chuig teaghaisí a mheas thar thréimhse 12 mhí, agus an ráta éilimh seo a mholadh don Aire chomh maith le liúntas in aghaidh an duine le haghaidh seirbhísí uisce. Ansin shocraigh an tAire méid na tairsí tríd an meánráta éilimh bunaithe a mhéadú faoi 1.7 (125,000 x 1.7 = 213,000 lítear) agus an ráta liúntais a shocrú ag baint úsáid as liúntas incriminteach an CRF in aghaidh an duine (25,000 lítear). Gearrfar táille ar úsáid teaghaisí atá níos mó ná méid na tairsí ach beidh liúntais agus díolúintí ann dóibh siúd a bhfuil teaghlaigh níos mó acu agus riochtaí sláinte orthu faoi seach.

Bunaítear leis an reachtaíocht go socróidh an CRF na muirir ar úsáid os cionn  mhéid na tairsí (cinnfidh an CRF na sonraí faoi na muirir féin agus na socruithe muirir le linn 2018) agus leagtar amach léi céimeanna breise atá le comhlánú roimh gach próiseas rialaithe ioncaim CRF. Áirítear leis sin forbairt Ráitis Bheartais um Sheirbhísí Uisce (ag an Aire) agus Plean Maoinithe Straitéiseach (ag Uisce Éireann). Déanfaidh an CRF gnáthphróiseas athbhreithnithe ansin i ndiaidh iarratas a fháil ó Uisce Éireann. Ní mór cinneadh rialaithe ioncaim an CRF a bheith i bhfeidhm in am trátha chun cur le próiseas buiséid an Rialtais.

Neartaíonn an tAcht ról an CRF maidir le gearáin a dhéanamh, díscaoileann sé an Fóram Uisce Poiblí agus ról an CRF mar Rúnaíocht agus bunaíonn sé Fóram Uisce ar féidir leis comhairle agus tuairimí a sholáthar don CRF. Bunaíonn an tAcht Comhlacht Comhairleach Uisce freisin, a gceanglaítear ar an CRF a bheith ina bhall de.

Beartas AE

Murab ionann agus an earnáil fuinnimh, níl aon reachtaíocht AE lena ndéantar foráil i leith rialáil eacnamaíoch neamhspleách ar an earnáil uisce. Leagann Treoracha AE, mar shampla an Chreat-Treoir Uisce, na Rialacháin um Uisce Óil, an Treoir maidir le hUisce Snámha, agus an Treoir um Chóireáil Fuíolluisce Uirbigh dualgais ar Éirinn caighdeáin chomhshaoil agus cháilíochta a chomhlíonadh ina seirbhísí uisce.

Ceanglaítear le Creat-Treoir Uisce AE (WFD) ar na Ballstáit cáilíocht uisce a chosaint agus a fheabhsú sna huiscí go léir ionas go mbainfimid amach stádas maith éiceolaíochta faoi 2015 nó, ar a dhéanaí, faoi 2027. Ceanglaítear leis freisin ar Bhallstáit beartais phraghsála uisce a choimeád lena spreagtar úsáid éifeachtach uisce, agus costais a aisghabháil do sheirbhísí uisce a bheidh ag teacht leis an bprionsabal íoc mar a thruaillítear.

Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoin WFD agus pleananna na hÉireann chun a cháilíocht uisce a chosaint tríd an DHCPLG, an GCC, beaches.ie, agus ag www.catchments.ie.