Uisce
Ról an CRF i rialáil Uisce Éireann
In 2014, ceapadh an CRF (ar a dtugtar an CER ansin) mar rialtóir eacnamaíoch neamhspleách Uisce Éireann.
Is é ár bpríomhfheidhm, dá bhforáiltear sa reachtaíocht leasanna chustaiméirí Uisce Éireann a chosaint.
Chun é seo a bhaint amach, déanann an CRF an méid seo a leanas:
- Faomhadh ioncam agus mhuirir Uisce Éireann trí phróisis rialaithe ioncaim;
- Cur i bhfeidhm chóid chleachtais Uisce Éireann;
- Comhairle a thabhairt don Aire maidir le cúrsaí a bhaineann le seachadadh seirbhísí uisce;
- Comhoibriú leis an EPA, rialtóir comhshaoil Uisce Éireann; agus
- Soláthraíonn sé seirbhís réiteach díospóidí do chustaiméirí Uisce Éireann.
Éilítear le reachtaíocht freisin go ndéanfaidh an CRF a fheidhmeanna a chomhlíonadh maidir leis an ngá atá lena cinntiú:
- Go gcuirfear cáilíocht seirbhíse ar fáil do thomhaltóirí agus go gcosnaítear a leasanna;
- Go soláthróidh Uisce Éireann seirbhísí uisce go heacnamaíoch agus go héifeachtach;
- Go n-oibreoidh Uisce Éireann ar bhealach inmharthana go tráchtála;
- Go caomhnófar acmhainní uisce;
- Leanúnachas, sábháilteacht, slándáil, agus inbhuanaitheacht seirbhísí uisce;
- Go féidir le hUisce Éireann freastal ar na héilimh réasúnta uile ar uisce atá ann faoi láthair agus is féidir a thuar;
- Go n-aisghabhfar costas na seirbhísí uisce i gcomhréir le hAirteagal 9 de Chreat-Treoir Uisce an AE;
- Go gcomhlíonfaidh Uisce Éireann a chuid feidhmeanna ar bhealach a chuirfidh ar chumas an Stáit cuspóirí comhshaoil na Treorach sin a chomhlíonadh; agus
- Go gcomhlíonfaidh Uisce Éireann a chuid feidhmeanna ar bhealach oscailte agus trédhearcach.
Ár ngeallsealbhóirí
Áirítear ar ár bpáirtithe leasmhara:
- Custaiméirí Uisce Éireann
- Rialtas na hÉireann
- Uisce Éireann
- Grúpaí leasmhara do chustaiméirí, amhail an Fóram Náisiúnta Uisce agus an tÚdarás Náisiúnta Míchumais
- Grúpa Geallsealbhóirí Custaiméara CRF
- Grúpa Úsáideoirí Uisce Tráchtála CRF
- Rialtóirí eile, amhail an EPA
- An Comhlacht Comhairleach Uisce – Bunaithe faoin Acht um Sheirbhísí Uisce 2017, chun comhairle a thabhairt don Aire maidir leis na bearta is gá chun trédhearcacht agus cuntasacht Uisce Éireann a fheabhsú chun muinín an phobail in Uisce Éireann a mhéadú;
- WAREG – Tá an CRF ina bhall den Ghrúpa Eorpach um Rialtóirí Uisce (WAREG), grúpa rialtóirí eacnamaíocha a thagann chun foghlaim ó thaithí a chéile agus tacú le forbairt rialáil éifeachtach an tionscail uisce agus fuíolluisce san Eoraip.
Cén chaoi a ndéanann an CRF cumarsáid leis an bpobal?
Tá an CRF tiomanta d’oscailteacht, do thrédhearcacht agus d’ ionchuimsitheacht phoiblí. Déanaimid cumarsáid leis an bpobal trí na bealaí seo a leanas:
- Comhairliúcháin phoiblí
- Rannpháirtíocht dhéthaobhach le páirtithe leasmhara, lena n-áirítear baill aonair den phobal
- Grúpaí páirtithe leasmhara tomhaltóirí agus gnó
- Foireann Chúram Custaiméirí an CRF
- Nótaí Faisnéise do Chustaiméirí a fhoilsiú