Suíomhanna Gréasáin Comparáid Praghsanna
Tuigimid go bhféadfadh sé a bheith deacair a fháil amach cad é an taraif is fearr atá ar fáil. Sin é an fáth go bhfuil suíomhanna Gréasáin comparáide creidiúnaithe againn a chabhróidh leat an soláthróir agus an taraif is fearr a fháil do do chuid riachtanas.
Ciallaíonn creidiúnú CRF gur féidir leat muinín a bheith agat as na suíomhanna Gréasáin comparáide praghsanna chun faisnéis shoiléir, neamhspleách agus chruinn a sholáthar. Má tá tú ag smaoineamh ar sholáthraí a athrú, mholfaimis duit ceann dár suíomhanna Gréasáin comparáide praghsanna creidiúnaithe a úsáid chun cabhrú leat an tairiscint is fearr atá ar fáil duit a fháil. I roinnt cásanna b’fhéidir go mbeidh tú in ann soláthróir a athrú tríd an suíomh Gréasáin comparáide praghsanna, rud a fhágfaidh go mbeidh sé níos éasca duit athrú.
Is iad na suíomhanna Gréasáin comparáide praghsanna atá creidiúnaithe ag an CRF:
www.bonkers.ie www.switcher.ie
Déanann an CRF athbhreithnithe agus iniúchtaí leanúnacha ar na láithreáin ghréasáin creidiúnaithe comparáide praghsanna. Ciallaíonn sé seo gur féidir leat a bheith muiníneach go bhfuil faisnéis shoiléir, neamhspleách agus chruinn á fáil agat i gcónaí.