Forbhreathnú

Ó am go ham b’fhéidir go mbeadh deacracht agat le Uisce Éireann. Mura bhfuil tú in ann d’fhadhb a réiteach, tairgeann an CRF seirbhís neamhspleách um réiteach gearán saor in aisce.

Is é ár gcuspóir seirbhís réitigh gearán saor in aisce agus éasca le húsáid a thairiscint do chustaiméirí Uisce Éireann. Sula bhféadfaimis déileáil le do ghearán, áfach, beidh ort do ghearán a logáil le Uisce Éireann agus a bpróiseas láimhseála gearán a chríochnú. Mura ndearna tú gearán leo fós, cliceáil ar an táb “Logáil Gearán le Uisce Éireann” ar thaobh na láimhe clé. Gheobhaidh tú faisnéis faoi conas gearán a logáil agus na cearta atá agat.

Má tá próiseas láimhseála gearán Uisce Éireann curtha i gcrích agat agus mura bhfuil tú sásta fós, ba cheart duit gearán foirmiúil a logáil leis an CRF. Ar choinníoll gur custaiméir cláraithe de chuid Uisce Éireann tú, is féidir linn an t-ábhar a imscrúdú agus cinneadh a eisiúint atá ceangailteach ó thaobh dlí ar Uisce Éireann. Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoinár bpróiseas agus conas gearán a logáil, cliceáil ar an táb “Logáil Gearán leis an CRF” ar thaobh na láimhe clé.