Forbhreathnú

Ó am go ham b’fhéidir go mbeidh deacracht agat le do bhille, do cheangal leis an líonra leictreachais nó gáis nádúrtha nó saincheist éigin eile a bhaineann le do sholáthar gáis nádúrtha nó leictreachais. Mura bhfuil tú in ann d’fhadhb a réiteach, tairgeann an CRF seirbhís neamhspleách um réiteach gearán saor in aisce.

Is é ár gcuspóir seirbhís réitigh gearán saor in aisce agus éasca le húsáid a thairiscint do chustaiméirí. Sula bhféadfaimis déileáil le do ghearán, áfach, beidh ort do ghearán a logáil le do sholáthraí nó d’oibreoir líonra agus a bpróiseas láimhseála gearán a chríochnú. Mura ndearna tú gearán leo fós, cliceáil ar an táb “Logáil Gearán le do Sholáthraí” ar thaobh na láimhe clé. Gheobhaidh tú faisnéis faoi conas gearán a logáil agus na cearta atá agat.

Má tá próiseas láimhseála gearán soláthróra nó oibreora líonra curtha i gcrích agat agus mura bhfuil tú sásta fós, ba cheart duit gearán foirmiúil a logáil leis an CRF. Is féidir linn an t-ábhar a imscrúdú agus cinneadh a eisiúint atá ceangailteach ó thaobh dlí ar an gcuideachta fuinnimh. Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoinár bpróiseas agus conas gearán a logáil, cliceáil ar an táb “Logáil Gearán leis an CRF” ar thaobh na láimhe clé.         

Tabhair faoi deara le do thoil nach gá comhairleoir dlí a bheith agat chun ár seirbhís réitigh gearán a úsáid.